Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)

Suíomh:
An Gort Buí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Gilbert Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 131

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 131

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Buidhe
  2. XML Leathanach 131
  3. XML “Féilte na Bliana - Lá Fhéile Pádraig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níor tháinig Naomh Pádraig go dtí an paróiste seo Dubhairt sé go raibh muinntear na tuatha go maith, macánta agus níor gádh dó teacht cun íad do bheannúghadh.
    Bailigheann na buachaillí seamróg maidin lae Fhéile Pádraig. agus caitheann gach duine gas mór seamróige ar a chaipín Caitheann na cailíní crosanna pádraig nó cláirsighe glasa ar a nguailne.
    Chuireadh na sean-daoine bochta slat-sailighe isteach sa teine agus annsan do dheinidís figúir na croise ar guailnibh na leanbhaí óga le barr na slaite dóighte.
    Théigheadh na feirmeóirí san áit seo go Cillorglain an lá san fad ó, acht anois chaithfidís fanamhaint sa bhaile. Lá saoire mór i lár an earraig a beadh an lá so agus théigheadh na feirmeóirí go dtí an baile-mór ag ceannacht síl-coirce, nó guano igcóir an earraig. agus nuair do chasadh feirmeóir le feirmeóir eile sa sráid deireadh sé "mo Phota Phádraig ort".
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Pádraig (~140)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Cróinín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    57
    Seoladh
    An Gort Buí, Co. Chiarraí