Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 117
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- TIGHTHETá na tighthe san áit seo anois níos mó, níos fearr agus níos compórdamail ná mar a bhídís fad ó. Bhíodh cinn na sean-tighthe déanta de tuighe agus bhídís te, compórdamhal ins an geimhreadh agus fionn-úr ins an samhradh. Bhíodh fuinneóga beaga (aon phana gloine amháin) i bhfurmhór na tighthe agus ní bhídís oscailte acht anois agus arís sa samhradh.Anois tá cinn iarainn, nó cinn slinne, nó cinn tiled ar na tighthe mar tuiteann an iomad báistighe san geimhreadh go lobhthann an tuighe go tapaidh agus annsan bíonn an braon annuas ag tuitim tré díon an tighe. Bhíodh na teinteain go mór, leathan ins ana sean tighthe agus ba dheas le duine suidhe ar an hob inaice na teine lá fuar. Comeádtaí na ba istig sa chistin fad ó, agus bhíodh cráin agus a hál banbhaí le feicsint sa tig go minic. Comeádtaí na cearca istig sa chistin i gcúb go minic agus bin íad cearca a bhíodh ag breith san geimhreadh. Ceangailtí na ba le ceangal déanta de gruaig tógtha ó earbaill na mbó. Dweantaoi úsáid de chéachda admaid cun claiseanna do threabhadh. Bhí an chéacda admaid ana éadtrom agus ba fuirist do asal láidir í do tharrach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Dáithí Ó Leain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lios Leadhbáin, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Leain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Lios Leadhbáin, Co. Chiarraí