Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)

Suíomh:
An Gort Buí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Gilbert Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 091

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 091

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Buidhe
  2. XML Leathanach 091
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Pósann daoine san áit seo san inid de gnáth. Pósann mórán cúpla ar Mháirt na hInide. Pósann daoine tar éís na Cásca leis acht ní phósann síad sa Chairghéas, nó i mí Lughnasa, nó i mí na Nodlag. Ní maith leis na daoine a bheith pósta acht ar Dia Máirt, Diardaoin nó Dia Satharn. Má bhíonn an cleamhnas déanta san inid is mí rathmhar an pósadh do chuir thar nais go dtí am éigin eile. Deintear cleamhnaisí san áit seo fós, Tá daoine sa pharóiste agus táid ana rathmhar cun cleamhnas do dhéanamh agus tá daoine eile ann agus ní raibh aon rath ríamh ar aon chleamhmnas do chuireadar a lámh ann. Tugtar airgead, ba, agus caoirig mar spré.
    Seo mar a deantar an cleamhnas. Téígheann an STÓCACH ó an gcailín go dtí tig an bhuachalla le SGÉAL AN CHLEAMHNAIS. Siubhlann an stócach timcheall na feirme, agus féachann sé na buaibh, ar an gcapall, ar na caorachaibh, agus ar na tightibh go léir - cró na mbó, an stábla, an sgioból agus an tig-féir.

    (Deirtear ná bíonn rath ar chleamhnas a dheineann bean nó sagart)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmaid Ó Leain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    Lios an Phúca, Co. Chiarraí