Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)

Suíomh:
An Gort Buí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Gilbert Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 077

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 077

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Buidhe
  2. XML Leathanach 077
  3. XML “Seancheirdeanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1) DÉANAMH COINNLE
    Do dheinidís coinnle in gach aon tig feirmeóra sa pharóiste seo fad ó.

    2) DÉANAMH GALLUNAIGHE
    Do dheinidís gallúnach de gheir na bó agus sóíd nigheacháin

    3) DÉANAMH CISEÁÍN
    Do dheinidís ciseáin agus buirdeóga (?)

    4) FIGHEADÓÍREACHT
    Bhíodh triúír nó ceathrar figheadóírí ag obair sa pharóiste seo fad ó.

    5) ÚCAIREACHT
    Bhí úcaire na chomhnaidhe sa pharósiste seo

    6) SNÍOMH
    Do dheinidís snáth as a gcuid olna in gach tig feormeóra. Do dheinidís stocaí agus do dhíolaidís íad ins na siopaí i gCillorglain

    7) Dathú
    Do bhailigheadh na mná lios-na-gcloch stuif afásann ar na clochaibh ins na sléíbhtibh. Do bheirighidís an stuif i gcorcán mór. Do thomaidís an olann síos ins an gcorcán agus bhíodh an olann dathuighthe donn.
    Do gheibhidís stuif eile ins na portachaibh agus do dhathuigheadh sé an olann bán-dubh.

    8) TÁILLIÚIRÍ
    Bhíodh táilliúirí tuatha flúirseach san áit seo fad ó. D'oibrighidís ins na tighthe feirmeóra.

    9) GRÉASÁIDHTHE
    Bhíodh greásaidhthe sa pharóiste seo fad ó. Rugadh P. T. O'Súilleabháín - sa pharóíste seo - D'foghluim sé a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Mhic Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Lios an Phúca, Co. Chiarraí