Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)

Suíomh:
An Gort Buí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Gilbert Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 057

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 057

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Buidhe
  2. XML Leathanach 057
  3. XML “Stráice an Staimpí”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an bheidhleadóir agus níl sé agam”, “Bhell” arsa Stráice
    “Seinn suas dhom an ghé agus an ganndal”
    “Níl an ceann san agam leis” ars an bheidhleadóir ,
    “Seinn an chearc san aiteann” arsa Stráice
    “Níl sé agam” ars an bheidhleadóir
    “Seadh” arsa Stráice “éirighimís as”
    Shuidh sé siós go sásta agus bhí buaidhte aige ar na cailíní
    Domhnaill Ó Cróinín Gortbhuidhe
    Diarmaid Ó Conchubhair
    Cúl Ruadh
    Lios-a-phúca
    Co Ciarraighe
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bhí Mícheál Díarmaín agus fir eile ag obair lá i mBánchluain.

    Bhí Mícheál Díarmaín agus fir eile ag obair lá imbán Chluain. San tráthnóna glaodhadh isteach cun a gcuid tae. Bhí tae, arán, im, caoir-fheoil-fuar, mustard agus soghluistí eile ar an mbórd. Nuair iompuig an chócaire a drom thosnuig Mícheál ag blaiseadh na soghluistí. Thóg sé lán spiúnóige de gac rud a bhí ar an mbórd. Bhí fear eile inaice leis, agus shín sé an mustard cuig Mícheál.
    "Blas é sin" ar seisean "tá sé go hana-dheas."
    Do sháith Mícheál a spiúnóg síos air, agus do slog sé trí spiúnóg móra síar sar a mhothuig a scórnach ar lasadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    2. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmaid Ó Cobhthuaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí