Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)

Suíomh:
An Gort Buí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Gilbert Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 025

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 025

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Buidhe
  2. XML Leathanach 025
  3. XML “Pluais Bheait”
  4. XML “Stumpa na Béicí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bheidhleadóir imBeárna Dúin Ló fad ó. Dall abeadh é. Bhí bean aige agus gach aon lá sa Samhradh bhídís ins an mBeárna nuair a bhíadh na teastaillí ag gabhail tré an mBeárna. Bhí poll ins an gcarraig ar thaoibh an bhóthair agus bhíodh an bheidhleadóir 'Beat' agus a bhean in a suidhe ins an bpoll so. Annsan nuair a chíadh an bhean na teastaillí ag teacht cúcha ghlaodhadh sí amach.
    "Táthar cughat a Bheait, a Bheait, a Laoigh, seínna suas an port a théigheann anonn"
    Do thosnuigheadh Beat ag seinm ar a dhícheall. Bhí faill mhór árd ar an taoibh eile de'n bóthar agus thugadh an fhaill san an macalla amach go h-áluinn.
    Do stadadh na teastaillí ag éisteach leis an gceol breágh agus an macalla. Thugaidís roinnt airgid do Bheat. Do bhailigheadh Beat agus a bhean a lán airgid ins an slighe seo i rith an t-samhraidh. Tugtar an ainm Pluais Bheait ar an áit seo fós.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.