Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)

Suíomh:
Bun Inbhir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Siobhán Ní Choncubhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 327

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 327

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bunaneer
  2. XML Leathanach 327
  3. XML “Ortha na bhFiacla”
  4. XML “Ortha Eile na bhFiacla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deirid nár gnáth tinneas fiacail ar muinntir na h-Éireann fad ó, acht ó cromadar ar an té agus arán bán do theip na fiacla ortha!

    ORTHA na bhFIACAL
    Peadar a shiudh (?) ar cluich Bheárnan in doras tighe Ierusalem
    Tháinig Chríost
    Cad é sin ort, a Pheadar?
    "Ó, a Thigearna, a Slánuighteóír!
    Tá mé triobloideach le teinneas fiacla"
    "Eirig i t-suidhe, a Pheadair, agus lean Mise. Caithfidh tú bheith leighiste. Ni tusa amháin acht aoine a deurfaid na focail seo, sgríbhte nó de glan-mheabair, ag rád i n-ainm an Áthar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. In Doras Catarach Críost
    An tinneas as ar pianta 'n cinn
    An phiast atá 'sa" bhfeóíl
    Ag deanamh díth do'n ndéid:
    Íosa Críóst dhá dibirt uainn
    A's dá cur in éag.

    Paidir a's Cré agus Abhé Mairé a rádh leis an intinn sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
          1. leigheasanna ar ghalair ar dhaoine
            1. tinneas fiacaile (~180)
    Teanga
    Gaeilge