Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)

Suíomh:
Bun Inbhir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Siobhán Ní Choncubhair

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Ortha an Ghreama

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 326

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí an Mhagidean Muire ag taisdeal in dorchadas tráthnóna 7 an leanbh Íosa na teannta. Do stadadar i mbéal dorais tighe a bhí ar an mbóthar agus d'iarradar cead bheith istig i gcóir na h-oidhche. Thug fear a' tighe sin dóibh, acht níorbh áilleis an mnaoi iad do leigeaint isteach in a'cor. 7 mar olc ortha níor thug de leabaidh dóibh acht colg 7 brus (?). Insan oidhche tháing greim ar fear a tighe. D'fhiafruig bean an tighe den Maighdin Muire an raibh aon leigheas ar eolas aici d'fhóirfeadh an ghreim. Do chuir Muire is a Mac a lámha mar a raibh an greim 7 do leighfeadh é ar an láthair sin.
So an ortha: -
"Fear mín ag an mnaoi borb
a chuir Íosa Críost 'na luige ar colg.
Dearna é, a Mhic, is agat atá.
In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spriod Naoimh. Amen."

Teanga
Gaeilge