Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)
- Suíomh:
- Bun Inbhir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siobhán Ní Choncubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bunaneer
- XML Leathanach 326
- XML “Ortha an Ghreama”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí an Mhagidean Muire ag taisdeal in dorchadas tráthnóna 7 an leanbh Íosa na teannta. Do stadadar i mbéal dorais tighe a bhí ar an mbóthar agus d'iarradar cead bheith istig i gcóir na h-oidhche. Thug fear a' tighe sin dóibh, acht níorbh áilleis an mnaoi iad do leigeaint isteach in a'cor. 7 mar olc ortha níor thug de leabaidh dóibh acht colg 7 brus (?). Insan oidhche tháing greim ar fear a tighe. D'fhiafruig bean an tighe den Maighdin Muire an raibh aon leigheas ar eolas aici d'fhóirfeadh an ghreim. Do chuir Muire is a Mac a lámha mar a raibh an greim 7 do leighfeadh é ar an láthair sin.
So an ortha: -
"Fear mín ag an mnaoi borb
a chuir Íosa Críost 'na luige ar colg.
Dearna é, a Mhic, is agat atá.
In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spriod Naoimh. Amen."