Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)
- Suíomh:
- Bun Inbhir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siobhán Ní Choncubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bunaneer
- XML Leathanach 321
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)iad, innis an scéal na láthair agus cimil do lámh do bhonn an chrainn agus leighisfir an Rígh".
Bhí ionghantas mór ar an nduine uasal nuair a chonnaic sé cos agus lámh ar a mnao féin, ingean an Rígh, ach d'innis sí sin do gach nídh dá ndúbhairt an Gráineóg léi.
Nuair a bhí a clann a n-aois thóg sí léi iad mar a dubharthas léi. Nuair a chuaidh sí go tigh an Ríogh níor d'aithnigh an rígh í nuair a bhí sí cómh slán agus a bhí sí riamh. Bhí dochtúirí as gach uile áit in Éirinn ag freastal ar an Ríogh acht theip ortha aon mhaitheas a dhéanamh dó. Do shuidh an ingean síos in aice an Ríogh. D'innis sí an scéal ó thúis deireadh dá clainn a gcómhclos don ríogh. Annsan chimil sí a lámh do chois an ríogh agus thuit an crann.
Níor bheag san mar cómh luath agus tháinig an chéad rae sholuis lá ar n-a mháireach chroc sé an tsean-chailleach agus thug sé a dhuthaigh dá inghín agus do'n duine uasal- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Drom Loiscthe, Co. Chiarraí