Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)

Suíomh:
Bun Inbhir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Siobhán Ní Choncubhair

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Oíche Shamhna

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 317

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Oidhche Shamhna
Creideadh na sean daoine go mbíodh na marbh in áirde ar na fraghthachaibh – iad a bheadh sa purgadóireacht – féachaint cé guidhfeadh ortha. Ní fios d’éinne an mbíodh na h-anama bochta ann nó ná bidís ach creideadh na sean daoine go mbídís ann agus bhí sé mar nós aca paidirín páirteach a rádh ar son na marbh Oidhche Shamhna ag iarraidh ar Dia fuascailt a thabairt ortha ó pé píonós a bhéadh ortha agus iad a leogaint isteach ‘n A láthair féin. B’uasal agus ba trocaireach an gníomh é. Oidhche na marbh a tugadh na sean duine ar Oidhche Shamhna.
Nós eile i bpáirt leo ná an paidrín páirteach a rádh gach Domhnach agus lá saoire.

Rúd eile fós. Na daoine óga a bheadh oireamnach ar pósadh cuiridís cnó a’ dóghadh ar lic an teinteáin feachaint cia h-iad na lanamhain a bheadh pósta fé deireadh na h-Inide a bead chúcha nó blian ó Oidhche Shamhna féin.
Seo mar deintar é.
Faghtar dá cnó tugtar ainm buacalla agus ainm cailín go mbeadh caitheamh indiaidh a céile aca, ar an dá cnó, Cuirtear ar lic na teine iad. Má dóghann na cnó i dteannta céile ar an lic gan corruighe pósfar an beirt fé ceann bliadna. Ach má phreabhann duine aca ón duine eile, ní pósfar go deó iad bféidir. Má dóghann na cnó i dteannta céile pósfar iad- ach- caithfear a fághail

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Siobhán Ní Chonchubhair
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Siobhán Bean Uí Chonchubhair
Inscne
baineann
Teanga
Gaeilge