Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)
- Suíomh:
- Bun Inbhir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siobhán Ní Choncubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bunaneer
- XML Leathanach 314
- XML “An Mheaig nó Magpie”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is dóca gur beag duine nach bhfuil fios aige cad é an saghas éin an Meagh acht bféidir nach é an spéis céadhna a cuireann gach aoine ann. Cuireann a lán daoine sa Gaedealtacht speis sa "Meag" agus creideann siad gur cómharta áid nó mío-áid dóibh é. Do réir an méid Meag a cíd i dteannta céile.Cómhartha mío-áid aon cheann amháin agus cómharta áidh dá cheann, trí cinn posadh nó leitir agus ceithre cinn torramh Dá mbeadh fear ag dul ar an aonach nó ar an margadh nó ag iascaireacht agus go mbuailfeadh meag nó Bean Ruadh leis ar an mbóthar is beag nach fillfeadh sé abhaile arís, mar cómhartaí mío-áid nó botún éigin do b'eadh an Meag agus an Bean Ruadh leis.Cómhartha áid iseadh dá Mheag (ní deirtear faich mar geall ar mná) ach dá castaí trí cinn aca ná fada go mbeadh posadh ar siubhal in áit éigin agus gur gaol do féin a posfaí agus go bhfaghadh sé féin cuireadh dul ar an bpósadh. Cómharta eile go bhfaghadh an té a cífead na trí cinn leitir. Dá castaí ceithre cinn aca air ní caimneamh ar pósad a beadh sé acht a mhalaith mar ba cómharta báis na ceitrthe cinn.
Siobhán Ní Conchubhair a scríobh síos (?)
13.12'38- Bailitheoir
- Siobhán Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann