Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)
- Suíomh:
- Bun Inbhir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siobhán Ní Choncubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bunaneer
- XML Leathanach 305
- XML “Laethanta na Riabhaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí deireadh leis an mbuin Riabhaigh. Do bádhad í. Sin é an fáth gur tugadh laetannta na Riabhaiche ar na trí laetanntadeirid de'n Mhárta, nó an chéád trí lá de'n Abrán.
Tugadh na sean daoine árd-aire dá mbuaibh laeteannta na Riabhaiche ar eagla go dtuifeadh ceann aca isteach i bpoll portaig, nó i bhféith, nó ar eagla go raghadh sí in-aon conntabhairt eile, agus ná bheadh dul as aici b'fhéidir, bhíodh sé buailt isteach, in-aigne na sean daoine go mbíod gach aon saghas mí-ádh ag faire ar buaibh Laetannta na Riabhaiche agus dá bhríg sin bhíodh duine éigin i bhfeidhil na mbó aca ar fead na dtrí lá deiridh de'n Mhárta agus an chéad trí lá de'n Abrán. Deintí san, pé olc maith do bhíodh an aimsear.Dá dtiocfad droch aimsear tímcheall Laeteannta na Riabhaiche agus go mbeadh beithídigh laga ann, do deanfaí iad a chiméad istig ar feadh na laeteannta san, cun iad abheith ar lámh na sábáladh; mar bíodh eagla ar na daoine dá méid aire a tabhairfí dhóibh, go imtheóchadh rud éigin ortha.
Ní cuirtear an oiread san spéise ins na "Laeteanntaibh" sin anois agus cuirtí agus ní móide go gcurtar spéis ar bith ionnta i morán aiteannaibh, ach amháin i bfoth-áit annso as ansúd mar a maireann duine éigin des na sean duine fos.
Fuair mé an scéal seo ó Máire Bean Uí Cártaig
Nead an EónSiobhan Ní Concubair a scriobhadh é - 12.12'38- Bailitheoir
- Siobhán Ní Concubair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Cártaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Neid an Eoin, Co. Chiarraí