Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)

Suíomh:
Bun Inbhir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Siobhán Ní Choncubhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 303

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 303

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bunaneer
  2. XML Leathanach 303
  3. XML “Sean-Nósanna - Lá Coille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá Coille- an chéad lá den bliadhain nuaid.
    Cad as a séidfidh an ghaoth maidhean an lae sin? Más aniar a séideann sí beidh an lámh uachtair ag na ‘Catholics’ ag feadh na bliadna atá cúgainn acht má séideann séideann sí anoir go b’fóiridh Dia orainn! Mar beidh an blian ag na Protestants!
    Fanaidís na suidhe go dtí tar éis a dó dhéag san oidhche cun go mbead a fhios aca cioca anoir nó aniar a bheadh an ghaoth nuair a bheadh an t- seana blian imthighthe i bhfocair na mílte blian a bhí gabhtha roimpi. An táthas a bhíod ortha nuair a séideadh an blian nuadh an chéadh puth dá hanál anair futha, ach tuiteadh a gcroidhthe aon uair a séideadh an gaoth anoir ortha ar briseadh na bliadna nuaidhe.
    Bé fáth an áthais ar na daoine nuair a bíod an ghaoth aniar maidhean lae Coille, ná go b’faghadh na Caitlicig a gceart féin nó smut éigin de i rith na bliadhna, mar deirti, go mbeadh gach aon blian leir na Catholics go séidfeadh an ghaoth aniar maidhean lae Coille. Ach dá mba anoir a bheadh an gaoth go mbead an buadh agus an lám uactair ages na Sasanaig- Protestants.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. an Athbhliain (~74)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Chonchubhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Chonchubhair
    Inscne
    Baineann