Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)

Suíomh:
Bun Inbhir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Siobhán Ní Choncubhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 300

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 300

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bunaneer
  2. XML Leathanach 300
  3. XML “Sean-Nós - An Chuach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Éan iseadh an chuach gur maith le daoinibh a guth do chlos nuair a thagann sí cugainn sa samhraid.
    Bíonn cluais le h-éisteach ar gach aoine feacáint cathain a cloisfeadh sé ag labairt í agus cioca cluais leis 'na labharfadh sí mar chuirfeadh san in iúil do chioca an t-ádh nó mí-ádh bheadh 'na cóir i rith na bliadhna.
    Is luaithe a cloistear í mar a mbíonn crainn agus coillte 'ná in-aon áit eile, mar is ionmhain leí iad.
    "Dá labharfadh an chuach ar crann gan duilleabhair díol do bhó agus ceannaig adhbhar"
    Deirtí nár labhair an chuach raibh ar crann gan bileóg glas air.
    Rud eile agus sé rúd é ná so; dá dteidheadh an gabadán imbeál na cuaiche go dtuitfeadh an t-aer agus an talamh ar a céile. An gobadán an éan a bíonn ag leamnaint na cuaiche i gcómhnuidhe.
    Tá mórán piseóg i dtaobh na cuaice - deirtear ma cloiseann duine an chuach na chluais dheis go mbeidh an t-adh leis i rith na bliadhna, ach ma cloiseann sé 'na chluais clé í ná raghaidh aon níd cun cinn do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Chonchubhair
    Inscne
    Baineann