Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)

Suíomh:
Bun Inbhir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Siobhán Ní Choncubhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 290

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 290

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bunaneer
  2. XML Leathanach 290
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sean bean ann fad ó agus ní raibh aon scannradh ar talamhm an domhain ach a raibh d'airagead aice. Ór buidhe ar fhad a bhí aici. Do mair sí i bhfad acht thánaig an bás sa deireadh.
    Do mhothuig sí ag teacht é agus má mhothuig bhí an t-airgead ag deanamh mearathail an domhain di.
    Ní raibh aoine 'na theannta acht cailín agus nuair a fuair sí go gcaitfeadh sí gealladh don bhás dubhairt sí leis an gcailín an t-ór a leaghadh ar an dteine go n-ólfad sí é - bhí an oireadh san de shainnt agus de dhúil aici ann.
    Cad do dein mo chailín, le mhéid a gliocais, acht cnapán ime d'fághail agus leaghadh ar an dteine in ionad an óir agus é thabairt dí le n-ól.
    Níor bhfada na dhiaid sin go bhfuair sí bás.
    an t-ím is-dóca fé ndeara an bás obann! Is í abhí go sásta ag dul cun báis di mar cheap sí gurbh é an t-ór a bhí ólta aici. Níorbh eadh - ámhthach, bhí sé ag an gcailín agus is aici bhí an saogal breag as san amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Chonchubhair
    Inscne
    Baineann