Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)

Suíomh:
Bun Inbhir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Siobhán Ní Choncubhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 243

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 243

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bunaneer
  2. XML Leathanach 243
  3. XML “Seanfhocail”
  4. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Marbhuigheann an fághaltas an tuirse
    Bíonn dhá innsint ar gach sgéul
    Is maith le Dia cabhair fághail
    Ní bhíonn áón troib gan ramaid
    Dá mbeadh soinann go Samain bheadh breall ar duine éigin
    Deire sean báid scoile nó Seán giarrán bán
    Bailuigeann brob beart
    Is feárr éan amháín ar lámh ná dhá éan ar thor
    Is feárr sioch ná síar báisteach
    Seachain teanga liom leat
    An glór ná tuigheann an cheann, is cuma é ann nó as
    Céalacan fada agus easbadh na mbróg a dheineann sean-duine críona de'n búachaill ógh
    Úain nó taoide ní fhanann le h-aoine
    Ní'l tuile ná tráhann ach tuile na n-grás
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sé an t-am is mó a phósann na daoine ná in Innid. Deirtear go bhfuil Dia Lúain, Dia Céádaoin, Dia h-Aoine mí ráthmhar cun pósta. Nuair a bhíódh na daoine ag pósadh fadó úaireana ní bhíodh aithine ag na búachaillí ná na cailíní air a céíle go dtí go mbeadh (?) siad pósta. I gcómnuidhe nuair a bhíodh na daoine ag pósadh téígheadh búachaillí na mbaile ann agus éádaigh ar a aghaidh achu ag íaraidh pórtar agus bhíodh siad ag seinim agus ag rinnche. Bhíodh feóil agus prátaí, agus uisce beatha agus pórtar achu agus bhíódh té agus aráín agus ím agus subh. Bhíodh rínnche agus ceól i rith na cóisire.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Labhrás Ua Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Comhad, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Buadhac Ua Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    An Comhad, Co. Chiarraí