Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)

Suíomh:
Bun Inbhir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Siobhán Ní Choncubhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 218

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0468, Leathanach 218

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bunaneer
  2. XML Leathanach 218
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí trí béile bid ag na daoine a bhí ann fadó. Uaireannta chí dhá béile ag cuid des na daoine bochta nuair a biodh easbadh biadh ann. Siad na trí béile biadh a bhí ag na daoine ná an breicfeast an dinnéar agus an suppéar. Do bhí prátaí agus éisc ag na daoine mar breicfeast bhí prátaí agus éisc agus bainne ag na daoine mar dinnéar agus bhí práisce ag na daoine mar suppéar.
    Na daoine a bhí na chómhnuidhe ins na gleanntaibh ní raibh aon éisc aca ac feóil. Ithidís alan éisc agus ólaidís alán bainne. Deinidís alán oibhre roimh an céad béile ar maidin.
    Bhíonn an bórd i gcoinnibh an bhfala go minich. Núair a bhiodh béile ar siubhal ní bheadh an bórd i gcoinnibh an bhfalla bheadh sé in aice an raca. Bhí dhá saghas arán ag na daoine stampí agus ím air agus arán min-coirce. Deintear an stampí le prátaí scríobhta. Cuirtear é á bhácail min coirce ar cliath in aice na teine. Biadh bréag foláin a beadh é. Ní raibh alán plúir ins an ciste mine. Ní iteadh na daoine aon feóil fadó ac éisc. Sé an feóil a bhiodh aca am Nodhlag ná cúpla gé.
    Na daoine a bhí ann fadó ithidís alán uibhe i gcóir an breichfeast. Domhnac Cásg do bheiridís na h-uibhe ins gcorcán beag ar a dtugtar sciallat. Sean nós a bhí ag na daoine
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ua Gealbáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Beitheachán, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Conchubhar Mach Giolla Cudha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Beitheachán, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ua Murcudha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Beitheachán, Co. Chiarraí