Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)

Suíomh:
An Gleann Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire T. Ní Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 137

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 137

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann Mór
  2. XML Leathanach 137
  3. XML “Caoineadh Sheáin de Barra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann uair agus Seán de Barra a b’ainm dó. Págánach a bh’eadh é. Bhí cailín aimsire aige. Catliocach a b’eadh í. Bhíodh Seán de Barra ag magadh fúithe i dtaobh trosgadh na Carghaoise. Aoine na Cheusda do bhí ann agus dubhairt Seán leis an gcailín go ndeánfadh sé féin trosgadh muna n-ólfadh an gamhan bán an bainne. Cuaidh Seán isteach i seomra is chuir sé an glas ar an ndoras. Nuair a tháinig an cailín ag glaodach air bhí sé marbh. Bogadar amach é chun é do thórramh agus i lár na h-oidhche d’éirigh sé aniar chucha. Nuair a chonnaiceadar an spioraid chuaidh cuid de’s na daoine amach ach d’fan an cuid eile.
    Annsan d’innis Seán a sgeul dóibh mar seo:-
    “go moch ar maidin bíonn an colann go suanmhar
    Coinnlí glasa na sraitheanna tabh thuas díom
    Mná óga agus deora ar a ngruadha (a)cu
    Mná críonna is iad go buartha
    II
    Is annsan bíonn an t-anam bocht ag tabhairt na gcuardach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Óg Ó Ceallaig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 22
    Seoladh
    Na Grága, Co. Chiarraí