Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 113
- XML “An Paidrín Páirteach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Admhuigim féin do’n tsaoghal gur pheacuigeas
D’aon Mhac geal chroidheach Mháire
Thagas tamall dem’ saoghal go claon tamhail, stairtheamhail
Ag réabadh ceart dlighe an Phápa.
Le monabhar béil is gan spéis in aithrighe
Is lem dhéirc ní althuighead páiste
Ach a(g) magadh is a’ sgleíp fé bhréithre an Phaidrín
Gléigeal , ainglídhe , grádhmhar.
II
Aifreann Dé ná tréigh le faillighe
Agus déirc le deagh-chroidhe deárnaigh
Agus maithfidh Mac Dé go léir do pheacaidhe
Tar eís na h-aithrighe tháinic
Ba chuma liom féin cad é an taobh go leagfaidhe
I bpéin nó in aicíd bháis mé
Ach go mbeadh duine de’n cléir do ghléasadh m’aibíd
Agus céar go lasfaidhe ar chlár orm
III
Nách damannta an sgeul do’n té ná smachtuigheann
An Beus Eig iseadhaidhe atá aige
Mar bheidh cé sa chré agus daoltha a’teacht
Feár agus seasgaí a’ fás air
Tá an fiolar ag éigeamh ar phéic a’ gcrannaibh
Is mé á cheuladh ag madraibh sraíde
Ó ghlacadar mé fá sgeímh a mbrathaibh
(is mé) ag éisteacht an Phaidrín Pháirtigh- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceapaigh na gCrann, Co. Chiarraí