Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)

Suíomh:
An Gleann Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire T. Ní Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 111

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 111

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann Mór
  2. XML Leathanach 111
  3. XML “Amhrán Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán Eile

    Tráthnóinín Déidheanach cois taobh leasa bhíos

    Tráthnóinín deídeanach cois taobh leasa bhíos
    Is mé ag machtnamh trim neáll dom ar chlaonbheart an tsaoghail
    Seadh dhearcas lem’ thaobh dheas an spéir-bhean na suidhe
    A dá bas aice á pleáscadh sí ag geár ghol is ag caoin.
    II
    A lúibín na gcocán is a chúil crothainín bhuidhe
    Cad é cúis do dhíombadh go bhfuil an tochalán so id’ chroidhe
    Ca’cu t-athair nó do mháthair nó do leannán fhir chéile
    Do chuaidh uait ar neamh áird go bhfuil an diombád so n-a thaobh ort
    ( nó
    D’imithig chun faín uait go bhfuil an tochalán so go léir ort )
    III
    Do fhreagair is do mhól sí is í óig bhean na gcliar
    Ní gaolta ná comhgas do leon mo chroidhe im chliabh
    Ba , caoire ná bólacht ná mór-stoc ar shliabh
    Ach grádh mo chroidhe seol uaim ar bórd luinge siar
    IV
    A Bhríghdeach na mbán ghlaic (nó na mánlacht) táim lán lag id’ dheoidh
    Thabharfainn ór duit is pláta fíon Spáinneach is beoir
    Síodaí gus seáileanna is tú árdú chun ceoil
    Ach cead a thabhairt go lá liom dein grádh leat chun spoírt.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Conaill
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Tomás Huggard
    Inscne
    Fireann