Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)

Suíomh:
An Gleann Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire T. Ní Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 103

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 103

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann Mór
  2. XML Leathanach 103
  3. XML “Raithineach a Bhean Bheag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do chuadhas-sa lá go Barra na hAoine
    Cé bhuailfidhe liom ach truír seana críonna
    Bhí duine (a)cu a fuinneadh ‘gus duine ‘cu a’ sgríobadh
    Agus duine eile á fáscadh tré thoín seana-bhríste !
    II
    Bárr Spúncáin ní thráchtfainn choidhche air
    Baile mór áitreabh is é lán de dhaoine
    Meileann said garbh é is bíonn leacach in a chroidhe istigh
    Bíonn cluig ar a gcarball ar feadh leath de’n oidhche
    Curfá
    Raithineach a bhean bheag , a bhean bheag , a bhean bheag
    Raithineach a bhean bheag , Raithineach go díreach
    Raithineach a bhean bheag , a bhean bheag , a bhean bheag
    Raithineach a bhean bheag is déanfaimíd an císte
    Bhíodh steampaí ana choitchiann , an uair úd adubhairt sí
    Ba mhinic a dheinidís é mheilt ar an gcloich gréine
    Nuair a theighdís ar aon turus ( go h.Aonach a’ Phuic ) nó go Corcaigh le feirein ime ) bhíodh císte steaimpí in a bpócaí mar lón bhóthair agus “Níorbh olc é !”
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí hÁilgheasa
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 88
    Seoladh
    Na Tuairíní, Co. Chiarraí