Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)

Suíomh:
An Gleann Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire T. Ní Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 099

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 099

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann Mór
  2. XML Leathanach 099
  3. XML “Seán Usae”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Dhein bean Mhúrlaigh , an t-aibheárdach , Seán a ghearán leis an sagart toisg go raibh aoir á chumadh aige di fhéin agus dá mac. Níor thug an sagart mórán áird uirthe ach dubhairt sé go mb’fearra dón t-Usaethach rud éigeanacht eile a dheunamh. Tháinig an sluagh amach ón Aifreann. Tháinic Seán Usae amach n-a dteannta. Sheas sé thuas ag Cuínne Mháighreád agus do labhair se :-
    Ar seisean :
    Do ghearán sí suíd leis an sagart mé
    Iscad do leí á bhárr ‘ge Jame???
    Cuirfead sa airís fé láimh Casbaig iad :
    Fear a bhéil stracuighthe is Ceabhar
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
  2. (gan teideal)

    Tá smúit ar na bailte is mairg is brón á bhárr.

    Tá smúit ar na bailte is mairg is brón á bhárr
    Mary áluinn cailce , cúin , cneasta ní Shúileabháin
    Bíodh a ceol sídhe á spreagadh go hait is go binn gach lá
    Agus beimíd fé mairg chun go bhfuillfidh airís an báb
    Ní hé Seamas Mac Gearailt a chur an ainnir seo ag suibhail ón áit
    Ní dubhairt sé leí dada , fear ceannasach , múinte uáth
    Ach adhbhairím sparainn do leanann go scórruidhe mná
    Go mbeidh deire le ceasmairt is tiocfaidh á dhrum síothchán
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.