Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)

Suíomh:
An Gleann Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire T. Ní Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 097

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 097

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann Mór
  2. XML Leathanach 097
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhíodh an beant-suibhail áirighthe seo ag dul ó áit go h-áit agus a h-inghean le'n a cois.

    Bhíodh an bean t-suibhail áirighthe seo ag dul ó áit go háit agus a h-inghean le’n a cois. Dhein sí cleamhnas di le fear éiginteacht. Chuala file éigin go raibh gaol aige leis an bhfear an sgail agus seo mar adubhairt sé :-
    ?ach uaidh mar mhála mór fada
    Níor thainig mo mhuinntir-se é
    Ba gnáthaighe leo scáil ‘n-a gcuid airm
    Is a bheannaraig claidheamh i bhfaobhar
    Más ceárd a bhí ag máthair na leanbh
    Do thaithig sí i dtús a saoghail
    D’fágainn-se ag Máire í is ag Sadall (sean-mháthair na hinghne)
    Agus tamall ag Diarmuid Maol.
    Seana Riocard Ó Conaill a d’innis é seo dom’ athair Pádraig Ó Conaill na Túiríní timcheall 50 blian ó soin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Conaill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Tuairíní, Co. Chiarraí
  2. (gan teideal)

    Tháinic bean t-suibhail isteach i dtig lá agus d'fan sí istig ó'n mbáistig.

    Tháinic beant-suibhail isteach i dtig lá agus d’fan sí istig ó’n mbbaístig. Bhí fear a’ tighe síos agus suas an t-úrlár agus é go mi Fhoighneach toisg go raibh sí ag fanúint ró fhada. Dubhairt sé uair agus uair eile go raibh sé ag tiormú; go raibh sé luath sa ló fós ??? feuchaint a n-imtheochadh sí ach diabhal fioc ní corrócadh sí. Thairig sé an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.