Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)

Suíomh:
An Gleann Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire T. Ní Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 091

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 091

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann Mór
  2. XML Leathanach 091
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Fuaireas-sa do thuairisg is do ruaithne fíll ar suibhail.

    I
    Fuaireas-sa do thuairisg is do ruaithe fill ar suibhail
    Id bhacach trom-ualaigh ag fuadach gach nídh i bpiscúin
    Tá na dathacha id ghualnibh is morán díbh síos sa ghlúin
    Is tá Tadhg Dubh na Cluaise teacht suas leat a chrampa an Ghuíd
    II
    Chonnac-sa Pádruig Béarrtha is é leath-caoch
    Is mugai na ngárlach i mála air aniar sa chaol
    Ba cosamhail le stráil é ar fuid sráide á ndíolgo daor
    Is ní theithfinn faid gráinne lá tráchtais ar mhuinntir Sheaghdha
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Tugas aon tseachtmhain déag i gCill Eóghain leis an ngearradh.

    Seo mar dúbhairt sé nuair a tháibig sé abhaile ón Néidín is bhí na Gárdaí ar a thóir toisig eadhaighe an phoor house a bheith air.
    I
    “Thugas aon tseachtmhain déag i gCill Eógain leis an ngearradh
    N’fhacas aoinne dem’ cháirdibh ,
    Ag teacht um feachaint le muigín bainneg
    Nó a fhiafruighe „Conas Tán tú „
    II
    Is ar éigin bhí ionnam eiriughadh um sheasamh
    Nó ar fógnamh dul thar taírsigh
    Nuair a fuaireas aon tost do ghluaiseas abhaile
    Agus tógadar suas im bhrágha mé
    III
    Fuaireas chómhairle ó fhear abhaile
    Gurbh é Mícheal Óg a Guardian
    Glanadh liom soir chun a Ghleanna
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge