Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 090
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Deir léan sa Mhaca go níosfadh Pádraig Bán a' saoghal.”
Seo mar a bhí ranntaí Monts ag m’athair ( Pádruig Ó Conaill ) na Tuíríní
I
Deir léan sa mhacha go níosfadh Pádruig Bán a saoghal
Deir Máire Ní Mharcuis go níosfadh ‘Bud Buide’ dá réir
Dá bhfágaidís mise sa bhaile ní íosfainn ortha náda an tsaoghal
Is mairfeadsa feasta is mo leanbh ar ár n-adhbhar féin
II
Ithe gus stolladh ní nobair ná ádhbhar é
Dá labharfadh an phobul níl aon nídh le rádh liom féin
Dá nólfainnse mo sgilling go minic i meadhon lae
Do thiocfainnse abhaile beannuighthe i ngrásta Dé
III
Moladh le Muire maireann muinntear mo chéile fós
Concubhar agus Donncadh agus Parthalán gléigeal óg
Badh gan aon doicheall do chonnacsa dhá riaradh ar bhórd
Is déanfaidh siad mise cómh saidhbher liom féinig fós
IV
Ní chreidfinnse ón sagart ná go bhfaighinn mo chuid féin ó Eóghain
Mo phaiste beag talaimh bhí grafaithe réidh go leór
Dá bhfaighinn urradh ná banna do dheánfad dom féin aon treo
Do sheasóchadhn an talamh cómh fada le Mícheál Óg- Faisnéiseoir
- Padruig Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Tuairíní, Co. Chiarraí