Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)

Suíomh:
An Gleann Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire T. Ní Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 089

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 089

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann Mór
  2. XML Leathanach 089
  3. XML “Months a Chasúir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is minic a chualamar tracht ar months ó bheál aithris na sean daoine. Seadh ! chómnuig an file seo in Iochtar Cú tá sé suas le caed bliadhan ó shoin anois. B’é Pádruig Bán athair chéile do agus bhí mac aige ar a ngoirtí “Bud Bhuidhe”. Bhí goile ag “Bud” bhocht chómh mór le fear ngrafaig , sin a deireadh na comarsain pé sgéal é cuireadh Monts as a seilbh a chuid talaimh an deire na dála :-
    “Dúbhairt lean sa Mhacha go níosadh Pádruig Bán a saoghal
    Dúbhairt Maire ní Mharcais go níosadh “Bud Bhuidhe” dá réir
    Dá bhfágaidís sa bhaile mé, do mhairfinn féin is mo leanb beag
    Ar ár n-adhbar féin”
    Thárlaid aigneas éignit idir é féin agus Pádruig Bán. Seo mar a dúbhairt an file ag magadh fen bhfear eile
    Do chonnacas Pádruigh beárrtha is é leath-chaoch
    Is mugaí na ngárlach ‘na mhála da dhíol
    Dathacha na nguailnibh agus síos sa chaol.
    Tadhg Mac Giolla Coda a d’innis é seo
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Mac Giolla Coda
    Inscne
    Fireann