Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)

Suíomh:
An Gleann Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire T. Ní Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 088

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 088

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann Mór
  2. XML Leathanach 088
  3. XML “Croch Gheal”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dhéanamh lá áirighthe agus an Dall a chaitheamh isteach ann. Tháinig an lá. Bhí na sluaighte bailighthe. Ceangladh cosa agus lámha an Dall bocht. Nuair a bhítheas cun é a chaitheamh isteach sa teine labhair mac na Bárd Scolóige agus dubhairt.
    “Is mise ghoid an banbh. Is mé bhain an ceann de’n bithiunach, Is mé chuaidh i seómra inghín an ríogh. Is mé a dhein gach aon rud is ma tá an teine tuillte ag aoinne is agam atá se tuilte.
    Sgaoleadh Dall Bán an Cogaidh agus pósadh inghean an ríogh agus Mac na Bárd Scolóige
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Nuair a bhí cómhnuidhe ar Sheartha Ó Conaill ar an gCloch Bhuaile choimeád sé an garsún ba shine a bhí aige abhaile ón scoil ag cur na prátaí.

    Nuair a bhí cómhnuidhe ar Sheartha Ó Conaill ar an gCloch Bhuaile choimeád sé an garsún ba shine a bhí aige abhaile ón scoil ag cur na prátaí. Tháinig an Máighistir scoile ag traill air tráthnóna. Dubhairt sé gur cheart do an garsún a chur ar sgoil chun an béarla d’fhoghluim. “A” arsa Seartha á fhreagairt “Is olc an t-annla an béarla gan prátaí”
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seartha Ó Chonaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baisleacán, Co. Chiarraí