Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)

Suíomh:
An Gleann Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire T. Ní Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 078

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 078

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann Mór
  2. XML Leathanach 078
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Cailín a bhí ag bearradh caorach i gCill-a-Ghoirtín.

    Cailín a bhí ag bearradh caorach i gCill-a-Ghoirtín. Bhí steampaí déanta aca istig is d’fhág sí an t-uan agus de bheárrtha amuigh agus chuaid isteach ag ite an steampaí. Do brís an t-uan an ceangail agus as go bráth leis. Seo é an tamhrán a deineadh dí.
    Is mór an sgéal nódh ins an áit
    An t-uan ús Siobhán d’imthigh chun fáin
    Is gan beárrtha ach taobh de
    Gur le dúil san arán gur imtigh is d’fhág
    Is ar a casadh ní raibh de i naonbhall
    Imtigh , bhí ar siubhail , beidh do dhaidí dar liom ag plé leat
    Cuardaigh an Gleann is an Ceapach las tall
    Is an Capaill gan dabht bíonn caoire ann
    Chum Póna na Stéige mar is talamh mór féir é
    Is as san go Cé na bhFaoiteach
    Cuirfhimíd Seartha is cloigín ‘ge go Barra na hÍne
    Treasna go Snaidhm is go Dóin Soir
    Mar a bhfaigtear san áit sin é cuirfeam in áirde
    Im baile an Chaisleán é
    Neidín tá lán leis mar is baile mór bhreagh é
    Caithfeam ann lá is oidhche
    Agus mara bhfaightear ann é cúisígidh na cómharsain
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Siarthadh Ó Conaill
    Inscne
    Fireann