Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 075
- XML “Seán Usae”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- File a chómhnuigh ar an nDrom Caor a bheadh Sean Usae. Bhí sé féin agus triúir eile amuigh ar an bhfairrge agus ualach feadhmnaighe aca. D’eirigh an gála agus bhíodar i gcontabhairt mhór. Chuaudh Clemintín (Duine Uasail) agus ceathar eile amach chun iad a shaoradh. Nuair a tugadh isteach iad chuaidh an naonbhar isteach i dtig tabhairne agus bhíodar ag ól. Biddí na Carraige an cailín a bhí i dtig na ól is dhein Seán Usae rann di :-
Do tharrainig sí chughainn féile is fairsinge de’n bhraon
Is Is gearr go rabamar éasgaidh áluinn
Go mairfidh sí an lán saoghal i ngradaim ceart ‘s i réim
Sí an carad í de tréithibh gálanta
Bhír fear eile sa chuideachtan darb ‘ ainm do Roger McCrohane. De réir deallramh níor thaitin an moladh go ró mór leis mar ní raibh sé tuillte ag an mnaoi . do labhair sé mar seo :-
“Faire a Seán Usae is mór mar chuadhais ar strae gur malaise-se go haer an cráin úd(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Siarthadh Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baisleacán, Co. Chiarraí