Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 072
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Seán chugham mo mhaide a fharaire galánta ¶ Go n'imthighead chun reatha sar a dtagaidh an Ghárda”
Dáith na gColpaí ( Mac Gearailt) do chum an dán seo nuair a bhí sé ar a theicheadh ós na pileírí i dtaobh éirlig éigin a dein sé lá bruighne i gCathair Dómhnaill
Seán (sin) chugham mo mhaide a fharaire galánta
Go n’imthigead chun reatha sar a dtagaidh an ghárda
Mar táid siad um’ fhaine le blian is trí ráithe
Is ní bhfaigheadh siad an dadamh barra go bráth uaim
II
Tá mo ghaolta go fairsing ón Daingean go Snaidhm
Ó Ceann Ghúgáin Barra go hOileán an Dá Chínn
Níl agam spleádhchas le h-aon bhaírneach de’n buidhean úd
Mara dtigid sa lá chugham mó shlán chucha is d’oidhche
III
B’iad muinntear na Rátha an t-ál a bhí coimhthigeadh
Ba shuarach le rádh iad ar lá úd na Bruighne
Ní raibh insan staít úd ó thráigh Bán na bhfaoilean
Go Droichead Baile Uí Cheárna ach ngárdaí ag fuigrigh (?)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Tuairíní, Co. Chiarraí