Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 051
- XML “Amhrán”
- XML “Seanfhocal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán (ar lean)
“Mo ghrádh mo chaoire gealaidhthe, mo chruacha, gus mo stáca”
(ar lean ón leathanach roimhe)?eánsa eile
Bhí seal im is bainne ann, fainsinge is fáilte
Is ní raibh a bhaoghal le casadh leo
Ná peata , beul amhála .
Curfa airís
IV
Mo chasóg a bhíonn stracuighthe gan dearmad mo charabhat
Beidh gach aon nídhe maithe agat ach teangmhaidh liom amáireach
(curfa)
V
Mo dhúidín lán de thobac agam , mo bhosca lán de shnaois agam,
Mo dhóthain uisge-bheatha agam ‘gus barraillí bheith líonta.
Curfa
Mo ghrádh mo chroidhe na Gearaltaig croidheamhail aereach anamhail,
Is minic a bhí na Gearaltaig i ngradam ar na Gráige.- “is mairg a bhíonn i dtír gan duine leis féin,
An té bhíonn , is athtuirseach dúbhach a sgéil.
Mar lá na bruighine luigheann a’ mhadra thaobh
Is ar a tharrac sa chill ní bhíonn a charaid ag éigheamh”