Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo amhrán a dhein Pádraig Ó Seaghdha ó Chrugadh nuair a crochadh a mhadra air. “M’uncail Diarmuid Óg a bhí ar aimsir ag Pádraig . bhí madra aige sin a bhíodh ag marbhú na gcaorach ar na chomharsain. Maidin amháin chroch Diarmuid Óg agus Seán , athair Pádraig , é” Amhrán
Faire a Dhiarmuid Óig is grádhna an beart dod’ short
Mo mhaidin beag gleoidthe a thraochadh
Gur thachtais féin is Seán ar an gcrann taobh thíos de’n chró
Gur cheangalabhair go leor le teád é
II
Is é leímfeadh uainn anonn go tapaidh tríd an tsrúill
Is do thiománfadh chúgham anall an Cíor Dhúbh
Ach feasta anois mo bhrón cé thiomáinfidh chugham aon bhó
Ó treascaradh an leomhan úd sínte
III
Do shuibhalóchainn féin an tSnaidhm agus as súd go Portmagee.
Nó dá n-abhrainn go Puinnte Bheárna
A leithéid suíd ní bhfaighinn dá dtéighinn anonn do’n Frainnc
Cé gur mór é leath an “noise” do dheinamh
IV
Leogfad feasta mo ghlór agus ní labharfaidh mé níos mó
Ar maithibh cleactadh mhoir a ghadhair úd.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Peaidí Sheaín Uí Sheaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Duchoill agus Com an Bheannaithe, Co. Chiarraí