Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 043
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Ba mhór é mo mhearathall an lá cheapas sa dul thar tuinn”
Amhrán a dhein Micí Sheáin Dáithí ( Mícheál Ó Siothchám) ó Cathair Sadhbhán i bparóisde an Dromaidh nuair a chauidh sé go Meiriocá.Ba mhór é mo mhearathall an lá cheapas sa dul thar tuinn
Sa “Country” dealbh mar a tomhaistear chugham ruainnín bídh
Búistéií ag gabháilt timcheall le rascaileach d’feoil gan “seal”
Is is ró mhaith a’bhilte le freagairt i gcionn na mí
II
Tá mo shiúl leis an Athair Mac go dtiocfad-sa thar sáil’ airís
Go Cathair Saidhbhín mar a mb’fearra liom
Mar a bhfuilid mo cháirde gaoil
Tá mo ghaolta go fairsing ó Dhairbre go Portmagee
Ó’n Snaidhm go Tathilla is gan dearmad i mbórd Eoghain Fhinn
III
Mo mhallacht-sa go fairsing ar an té chaínfidh a dhúthaig féin
A theanga go gcrapaidh is nár fhanaidh aon tabhairt ‘na bheal
Mar níl aon nídh is mo chealgann mé is a loisgeann mé i lár mo chléibh
Nuair a chloisim na sceampeanna ag gcearradh a ndúthaig féin.
IV
Ceádaoin sa Chathair is mé im sheasamh ar chroib Sheáin Chinneaird
Lem’ thrucaill breagh dearg is lem’ feirc??? d’im bhreagh bhuidhe
Nuair ólaim braon leanna is ná feadair cad é an taobh dá mbínn
Ach mo bhean is mo leanbhaí ag trúth liom i gcoir a tíghe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Óg Ó Chonaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Ceapaigh na gCrann, Co. Chiarraí