Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)

Suíomh:
An Gleann Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire T. Ní Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 031

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 031

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann Mór
  2. XML Leathanach 031
  3. XML “Caismirt Mná na nUbh”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt mná comharsan in a gcomhnuidhe i mBun a Droighin uair. Bhidís ag ceannach ubh ach níor reídhthighdear riamh le’n a chéile. D’eirigh eatorra maidean aonaigh. Bhí fear chéile duine acu dar b’ainm do Ruaidhrí Ó Dálaigh á geosaint ar a chéile. Dhein sé an ran seo dhóibh :-
    Ar maidin lae an aonaigh is gan aoinne beo im thímcheall
    Do chualas sa an t-éirleach ag béithibh ag coimheas gar
    Lad ag siór-rádh le’n a chéile na’ déanfaidís stríocadh
    Go n-árdóthaidís go h-aer ubh na n-eán so cois Inne.
    D’éirigh Maire is do bheir sí ar an dtlú
    Is dubhairt sí go tapaidh go mbrisfheadh sí siúl
    Bhí an rámhann ag Nóra is is ró-árd do leímeadh
    Is bhí Roderick i dteannta a d’iarraidh iad a rudhteach
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Lá saoire sa Bhealtaine chuadhas go dtí an Coirreán.

    Lá saoire sa Bhealtaine chuadhas go dtí an Coirreán.
    D'ólas braon fuisgí is do bhíos im' amadán
    Nuair a chiummhnigheas ar an mbaile do bhíos ag tiurneál
    Ó thaobh an bhóthair isteach sa lochán.
    Bhíos-sa féin tabhartha is bhí an cúrsa orm docht
    Bhíos ag tig Christie Conway timcheall a h-ocht
    Ar maidin amáireach nuair a fuaireas mo meabhair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padraig Ó Conaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 70
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ceapaigh na gCrann, Co. Chiarraí