Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 030
- XML “Dómhnall Láidir”
- XML “Amhrán an Choiligh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Taoi diomhaoin a bhuachall agus d’imithig leis
Amhrán an Choiligh
“Coileach a bhí ag Ruaidhrí Ó Dálaigh ar Bun a' Droighin”
Coileach a bhí ag Ruaidhrí Ó Dálaigh ar Bun a’ Droighin bhíodh sé ag dul sa choirce a bhí curtha ag Seán Ó Seaghdha a bhí sa teoran aige. Bhíodh Seán ag rith air as a’ choirce is bhí sé ar tí é lámhachadh. Seo mar adubhairt an coileach bocht.
I
Is dealbh a’ saoghail é is is baoghalach dúinn gádhtar
Is ní bhfaighinn aon “fair play” chun aon ní do sholáthair
Mac deallramhuigheann Seán Ó Seaghdha dhom má dhéinim domáiste
Go gcaithfidh sé fileár liom a thraocfhaidh iné láithreach
II
Tá Roderick im’ choinnibh i bhfuirm a chú
Á rádh go stracfaidh sé mé ó bhathas go bún
N’fheadair cá ngeobhad níl m’eaols in aon bhall
Mar i bhfeirm a’ bhóthar seadh tógadh mé im’ éan bheag
III
Coinneóchad ar an mbóthar is go deo ní bheidh baoghal orm
Is gheobhad cead Sheán ‘ac Dómhnall chun rómhar i Loc Casey
Suas go dtí an droichead go dtí lug na bpoll taobh leis
Sa charraig bheag mar a cheapaim ní brathfar mo shaothar
IV
Ach geallaim se díbhse nuair a bainfear a’ foghmhair
Is gearrfar a’ coirce go bhfaighead cead mo shrón
Ní bheidh coilig na gcomharsan ag gleo , troid ná bruighen liom
Is gheobhad-sa is mo mná beag cead adhbhair sa choinnleach- Faisnéiseoir
- Pádraig Óg Ó Conaill
- Inscne
- Fireann