Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 023
- XML “Caisín Uí Laoghaire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear a bhí in a chómhnuidhe i mBaile na Scealga fadó riamh a bheadh Caisín Uí Laoghaire. Uair amháin bhí sé féin agus seisear duine dheug eile ag iasgaireacht ar an bfairrge.
Chuireadar i dtírsa Chuirreán chun díghe d’fhághail ní raibh ach pinginn amháin. Níor bhféidir leo é d’fhághailt ó aoinne ach an oiread. Fé dheire chuimhnig Chaisín ar sheift.
Chuaidh sé isteach i dtig óil agus dubhairt sé leis an duine a bhí i bhfeidhil an tsiopa go raibh pinginn aige air. Dubhairt fear a’ tighe ná feaca sé istig in a shiopa ariamh é. D’ áitigh Caisín air go raibh sé ann agus sa deire bhí ar an bhfear an pinginn do tógaint uaidh.
Annsan dubhairt Caisín leis seacht gcínn deug de phúintaibh do thabhairt dó fhéin is d’á comhluadar. Cheap fear an óil go rabhadar an-mhacánta agus líon sé amach an leann dóibh. Nuair a bhí sin ólta acu d’imtigheadar amach an doras uaidh is ní fuair sé a dtuairisig ó shoin.
-------
Uair eile bhí Caisín ag dul go dtí Cathair Saidhbhin agus bhí miúil aige. Bhí srathar-fhada - - - - - - - -
(caoineadh seo . Sam Godar ( Goddard) a dh’éin é . t.ó.m)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall Ó Connaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Tuairíní, Co. Chiarraí