Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)

Suíomh:
An Gleann Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire T. Ní Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 015

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 015

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann Mór
  2. XML Leathanach 015
  3. XML “Diarmuid Rua na Bolgaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Diarmuid Ó Sheaghdha ná Diarmuid Ruadh na Bolgaí. Fíle do mhair sa gCaol i bparóisde na Dromaide tímcheall caogadh blain ó soin. Seo ceann dá amhráin a chum sé ag moladh Tadhg Ó Sheaghdha cómharsa dó agus duine dá threibh
    Ar an gCaol nó i ngaolmhar cois Íne
    Tá an séimh-fhear breág , mín-tais gan cham.
    Ramh chalice do mhaitheas na dtríreamh
    Is tá fuinneamh ‘na chroidhe is in a chnámh
    Is craobh cosanta pobul dá bhuidheann é
    Is ní ghéillfeadh sé choidhthe dá námhaid
    Is dá leíghfinn-se le réifeacht leabhar diadhachta
    Ní fheadfainn cur síos ar a cháil
    II
    A cháile ní náir’ domhsa innsint
    Mac a’ deigh-athair nó caon-bhruinneall shuairc;
    Fear grádhmhar deagh-cháileach na dtaoiseach
    Ná fuil doicheall in a chroidhe súd ná gruaim
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Chonnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceapaigh na gCrann, Co. Chiarraí