Scoil: Lóthar (uimhir rolla 10045)

Suíomh:
An Lóthar, Co. Chiarraí
Múinteoir:
B. Ní Mheidhre

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Lóthar | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0466, Leathanach 362

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Laethannta na bó ríabhaiche síad an dá lá deiridh de Mhárta agus an cead lá de Abhrán. Is amhlaigh a cuir an bó ríabhach an Mhárta dhí gan an bás dá bhreith agus annsan leis an teasbach do thug sí dubhslán fé Márta gan aon dá cuid do dheanamh da dhícheall as san amach. Annsan iseadh do bhailig an Márta na gaotha go léir cuige ach do theip air an bó marbhadh, ach do fuair sé lá ar íasacht ó Abhrán, agus do cailleadh an tsean bó ríabhach le fúacht is le hanfa an 3adh lae.

Bailitheoir
Siobhán Ní Chonaill
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Domhnaill Uí Chonaill
Inscne
fireann
Aois
50
Teanga
Gaeilge

Bhíadh na daoiní ana críona fadó sara caithidís bróga. Tá trácht ar na daoini nár caith bróg ríamh agus bhí cuid mhaith aca mór thímcheall annseo. Is gnáthach le leabhaí an lae indiú dul gan aon bhróg tamall den bhliadain

(leanann ar an chéad leathanach eile)