Tá Caisleán a Chaillíghe suidhte i slíabh de Sléibhte Ceachain in áit a dtugtar "Carn" uirthi. Deireadh go mbiod an Fiadh Cailleac 'na chóinnuighe ar bharr an chnuc seo .na cíantaibh ó shoin. Dhein ri caisleán de chloca mora anso agus tá cloca le feiscint go flúirseac annso dós agus chuala daoine á rádh go bfhuil sliogáin ann chómh flúirseac le na cloca féin. Ba iongantac an duine í an cailleac úd agus is [?] lion go mbíodh cailleac eile ar an dtaobh thuaidh den bágh ar Crúaca Dúbha[?] ar barr chnuc ann agus bhíodh an beirt cailleac ag caitheamh na bfaill treasna an bágha ar a céile agus tá cloc aoil i bhfeirm Dhómhnaill Uí Shúilleabháin i nDoirin a Calaid a chaith an cailleac a bhí ins na Cruaca Dúbha anonn go Damhros agus maireann an beal oideas so i nDamros fós. Bean iongtanac í a dheineadh na trí gaiseí so gach maidin roimh breacfast di gach maidin Gheimridh Gheibheadh sí an bradán geal ón Lamhan (i gCill Airne Agus an [?] ó Bhealac [?] (ar an dtaobh tuadh de Bágh Neidín An oilise o Contae an Cláir Agus an [?] sliogán ó Cuan Dor (Golandorg)
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »