Scoil: Landsdowne (Cuar na gCoileach) (uimhir rolla 6091)
- Suíomh:
- Cuar na gCoileach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Is amhlaidh a fuaireas an scéal seo ó bean Dhíarmuide Uí Shiúlleabháin...”
(ar lean ón leathanach roimhe)cómhra fada idir láimhibh acu. D'fheucadar mor tímcheall ar dtúis agus cheapadar go raibh gac aoinne in a gcodlad go trom agus go raibh cead acu a rogha rud a dheanamh ac bhí breall ortha mar bhí Máirn ag feucaint go géar ortha i gan fhios dóibh. Chun an sgéal a dheanamh níos measa bhí na braitlíní bana (?) leactha amac acu agus chuir san crit cos agus láimh ar Máirnn agus ní féidir lei corruighe ná labhairt go dtí gur tháinig sí cuíche féin.
A Dhonncadh A Dhonncadh arsa sí in a cogar ag glaodhadh ar a mac agus ar an noímeat díreac cad dúbhradar ac "Cover it up" Cover it up" agus dimthígeadar leo féin an doras amac ar nos na gaoithe agus ní raib tásc ná tuairisc orta ó shoin i leith.(gan teideal)
“Deireadh an Máirin seo gur mhotuig sí na daoine maithe a priocadh nuair ná raibh an fíor uisce istigh aice i gcóir na h-oidche...”
Deireadh an Máirin seo gur mhotuig sí na daoine maithe a priocadh nuair ná raibh an fíor uisce istigh aice i gcóir na h-oidche
agus go gcuireadar íacall uirthe eirghe agus dul go dti an tobair cun crúiscín uisge do thabhairt isteach chúca agus é do cur ar an ndroisúir ar eagla go mbeadh sé ag teastail úatha mar deirtear go mbíodh ana tart ar fad orta igcómhnuidhe.- Bailitheoir
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)