Scoil: Landsdowne (Cuar na gCoileach) (uimhir rolla 6091)
- Suíomh:
- Cuar na gCoileach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sí an baile fearrainn go bhfuil comhnuidhe orm ná Doire-Nidh i bparóiste Tuath-Síosta i mbarúntacht Gleann a Ruachtaighe i gCiarruidhe thiar theas. Trí tighthe atá i nDoire-Nidh agus ní ag brath ar feirmeóireachta atá aon cheann acha - siopa iseadh tig amháin díobh, tíg muinnteóra an dara ceann, agus tá teacht isteach ag fear an triomhadh tígh. Rugadh mo shinnsear anso agus bhí sgéalta mar a gheall ar a lán des na sean daoine ag mo seana mhathair atá marbh le fiche blíadhan go ndéanadh Dia trócaire dá h-anam. Deirtear go raibh fear a tíghe in a cómhnuidhe i mbothan amháin diobh so a bhí ana thugtha den tobac acgus be "Lane" an t-ainm a bhí air. Oidhche Nodhlag tháinig a bhean bhocht abhaile le bíadh i gcóir na Nodhlag agus cé go raibh a h-aigne deanta suas ag an mnaoi boicht píosa tobhac dó sholathar dá fear, thárla gúr dhearmadh sí é i gcuma éigin. Núair a fuair a fear pósta amach é thosnúigh sé a bheith ag bualadh bas agus ag(leanann ar an chéad leathanach eile)