School: Leithead (roll number 5480)

Location:
An Leithead, Co. Chiarraí
Teacher:
Diarmuid Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0463, Page 017

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0463, Page 017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leithead
  2. XML Page 017
  3. XML “An Mheadar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Mheadar
    Tá meadar againn sa bhaile. Ta sé againn timpeall sé bliadhna déag. Tá sé dá troigh seacht n-órlach ar aoirde, crios goile treasna a bharra, crios naoi n-órlach treasna an bhun. Deinimíd ceithre púnt déag ime gach seachtain sa tSamhradh, cúig nó sé i gcuid den gheimhreadh agus i ndeire an gheimhridh ní dheinimíd aon im in aon chor. Nuair a bhíonn caighean á dhéanamh, is é an chéad nídh a dheintear ná an mheadar a sgoladh leis an uisce beirithe. San aimsear te deintear an mheadar a ghlanadh le huisce fuar tar éis é a sgoladh leis an uisce beirithe.
    San aimsear fuar cuirtear an bhainne isteach ann, nuair a bhíonn an mheadar te, agus san aimsear sheacha deintear cuid den bhainne a thé. Muna ndeintear é do thé ní bhailíochadh an t-im. Nuair a bhíonn an bhainne sa mheadar cuirtear isteach an lonnithe. Ansin cuirtear an clúdach air. Cuirtear an cupán air ansin. Aon duine ná bhéadh an cupán acu bheadh gad acu in ionad. Deintear an gad sin le twigeanna beaga, caola. Deintear an crocan a bhaint óna twigeanna. Bíonn cumha cruinn air. Tógann sé timpeall uair a chloig an caighean a dhéanamh má bhíonn an teas ceart sa bhainne.Tógann sé uair go leith é a dhéanamh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Laoghaire
    Gender
    Female