Scoil: Leithead (uimhir rolla 5480)

Suíomh:
An Leithead, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0462, Leathanach 238

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0462, Leathanach 238

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithead
  2. XML Leathanach 238
  3. XML “An Fear a Chaill an tAifreann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear de muintir Shíocháin ina chómhnuidhe in Gleann-Mór fadó. Aon Domhnach nuair a bhí an t-Aifrean dá rádh cuaidh sé go dtí an cnoc ag baint tuighe. Bhí gadhar aige leis agus núair a bhí sé ag gabhail thar áit ana úaigneach do rith an gadhar thar nais agus ní raghad sé thar an áit mar bhí scamhradh air roimh rud éigin. Bhí scamhradh ar an bfear nuair connaich sé ná raghadh an madra leis agus do luig sé i dtreó is ná feicfeadh sé aon rud. Nuair bhí sé na luidhe connaich sé ainmhidhe ana mhór mar Elehant ag dul thairis. Bhí eagla mór air. Cuaidh sé abhaile agus dubhairt sé ná raghadh sé ag baint tuighe aon Domnach eile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    2. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Séaghdha
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Leithead, Co. Chiarraí