Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kenmare (B.)
- XML Leathanach 462
- XML “Mister Crowley”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"O, maith a fear" ar siad go léir d'aon ghuth.
Thógadar leo é go íochtar Eireann agus ní fada a bhíodar ag dul ann. Bhí fear beo amháin leis ag imirt le muinntir na h-Éireann - fear go raibh ceann ruadh air.
Seadh! Thosnuigheadar ar an imirt Dhein an fear ruadh fé dhéin Mr Crowley agus thug guala dho. "Ná dhein é sin arís" arsa Mr. Cr. Dhein sé arís é má seadh is geárr gur leag Mr Crowley an fear ruadh agus an neomat a leag sé é chuir se amach an báire.
Airiú! Tóg a chuid féin Mr Cr. ar a nguailnibh agus ni fada go raibh sé sa bhaile aca
Tháinig Dia Domhnaig arís agus bhuail fearín na bréide le Mr Crowley.
"Seadh a Mhister Crowley" ar seisean "beidh braoinín eile indiú againn. Agus do bhí. Nuair a bhí an braon ólta aca d'iarr fear na bréide air ar chuaidh sé dtín lios.
D'fhreagair Mr Crowley go ndeaghaidh.
"Téighir ann arís anocht féachaint cad a bheidh ar siubhal aca" arsa fearín na bréide.
Do chuaidh Mr Crowley. Isteach sa chistin leis. Bhí sé follamh mar ba ghnáth. Chualaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál O hEaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Damhros, Co. Chiarraí