School: Kenmare (B.) (roll number 2849)
- Location:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Teachers: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kenmare (B.)
- XML Page 461
- XML “Mister Crowley”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fir ag teacht aníos arís ón bparlús. Nuair a thagadh gach aoinne dhíobh aníos bheireadh sé ar a chamán agus thógadh leis é. Bhí an sgéal go maith go dtáinig an fear deireannach. D'fhéach sé timcheall ar féin a lorg comáin agus chonnaic sé Mister Crowley inaice na teine agus an comán idir a dhá chois.
"Tr'om mo chomán, a Mhister Crowley" ar seisean.
"Go deimhin ní thabharfad" arsa Mr. Cr. ní fheaca comán chómh deas leis riamh".
Ní dubhairt an fear pioc acht siubhal amach as an gcistin. Níor bhfada gur fhill sé agus na fir eile in a theannta Do labharadar le Mister Crowley a rádh leis an comán a thabhairt uaidh, nó -
"Muna dtabharfair" ar siad "tá deire leis an dtír so anocht"
"Cad na thaobh san?" arsa Mr. Crowley. "Mar tá comórtas bháire idir sin féin agus muinntir na h-Éireann anocht," ar siad, "agus má bhuaidhtear orainn ní fhásfaidh aon rud ins an dtír seo imbliadna"
"Más mar sin atá an sgéal" arsa Mr. Cr. raghad fein ag imirt"(continues on next page)- Informant
- Mícheál O hEaluighthe
- Gender
- Male
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Damhros, Co. Chiarraí