School: An Clochar, Neidín
- Location:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Teacher: Brighid Ní Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair bhíonn an mhuc dá mharbhugadh bíonn bean-tighe ag bailiughadh an sruthán fola isteach i mhéis mhóir agus í ag corruighe leíthí gan stad gan staonadh go mbíonn an braon deiridh aici agus agus annsan feín ní stadann sí go mbíonn sí cinnte nách n-éireocaidh an fhuil dlúithte uirthí. Nuair a baintear na putóga as an mhuc tosnuigheann an obair chruaidh. Ní mór iad do glanadh - trén iad do nighe agus d'aith-nigeadh agus an taobh istig d'iompod amach agus na giota saille do bhaint díobh. Is fuar agus is míd-compórdach an saothar é seo agus má bíónn abha i gcomharsanacht an tighe leigtear do'n cuilith rith triotha isteach.Nuair a bíonn siad so réidh, glan tosnuightear ar na comhgaisí do mheasgadh. Cuirtear an mhias fola ar an mbórd agus cuirtear isteach ann cúpla ladhar de mhin-coirce go mbíonn sé comh tuigh le bainne reamhar. Gearrtar ionúin annsan agus cuirtear isteach iad le luibheacha so-bhlasta agus spíosaí agus salann. Doirtear isteach braon beag bhainne annsan chun an dath do fheabhsú agus corruightear an measgán go ceann tamaill mhaith. Annsan ceangltar ceann amháin de'n phutoíg mhóir agus le crúisgin beag líontar é leis an measgán.(continues on next page)
- Collector
- Áine Nic Chárthaigh
- Gender
- Female
- Age
- 25
- Address
- Neidín, Co. Chiarraí