Scoil: An Clochar, Neidín
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Brighid Ní Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá alán toibreacha beannaighthe sa ceanntar seo agus deintear turasanna ar cuid aca acht tá trí cinn i gCathair atá beag nach tréigte ag an bpobal.Táid ar fheirm Muinntire Uí Chárthaig agus is dócha gur fé comairce na Maighdine Muire atáid mar is cuimhin liom go dtagadh na sean-mna (?) ann ar Fhéile Togála na Maighdine. Roimh breacadh an lae a thagaidís ann agus bídis ag radh na Coróinneach Mhuire ós árd agus iad ag siubhail ó thobar go tobar imeasg na gCarraig agus na sgairt atá ins an áit. Biodh buidéal i gcomhnuidhe leo chun braon de'n uisge a thabhairt abhaile. Ní théigheann na toibreacha seo i ndísg riamh dá thirme é an Samhradh agus is aoibhinn le n-ól a gcuid uisge. Tá biolar go méith ar a dtaobacha agus ritheann srutháin gheala asta idtreo go dtugtar "an caol" ar an bpáircín fliuch in a bhfuilid.Siad an bheirt dheiridh a dheineadh turasanna ann ná Máire Bean Uí Ailgheasa agus Nóra Bean Uí Bhuacalla - beirt a mhair beag nách an céad agus atá ar shluagh na marbh le suim beag bliadhanta.