Scoil: An Clochar, Neidín

Suíomh:
Neidín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Brighid Ní Lochlainn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 399

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 399

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Neidín
  2. XML Leathanach 399
  3. XML “Nósanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Un Nodlaig - An Bloc
    Soláthruightar bloc breagh adhmaid i gcóir na teine agus romh dul a codladh dóibh an oidhce sin baintear amach an stumpa dí a bíonn fágta agus cuirtear i dtaisge é i gcuínne éigin sa tig go ceann bliadhna. Creidtear nách baoghal dóibh ón dteine-sa tig feín nó san iothlainn - faid is bíonn bloc na Nodlag slán aca. Dóightear an seana-cheann nuair a bhíonn ceann na h-aithbhliadhna i dtaisge aca.

    An Coinneal
    Coimeadtar giota de'n coinneal sa tig agus nuair a beireann bó laogh usáidtear lasair an choinnil sin chun na ribhí gruaige do dhógad dá cíocaibh sar a dtosnuightear ar é a chrúdhadh arís.

    Um Cáisg
    Roimh greim d'ithe dóibh maidin Cásga cuirtear duine de'n lion-tíge go dtí an tobar chun fior-uisge úr do thabhairt isteach agus ní mór do gach aoinne sa tig trí bhlogain dhe d'ól in onóir na Trionóide Naomhtha - an céad broan do'n Athair, and dara braon do'n Mhac, an tríomhadh braon don Spiorad Naomh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge