Scoil: An Clochar, Neidín
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Brighid Ní Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháinig Ultach fé dhéín fhir móir a bhí i gCíllgarbháin gurbh ainm dó an Sugursúnach. Bhí an t-Ultach ag cur tuairisge na slighe ar feádh an turais agus nuair abhí sé comhgarach do'n tig bhí sé ag cur tuairisce an tighe. Ar ádhmharaighe an tsaoghail cé casfaí sa chnoc air ach an Sugursúnach féin. Cuir an t-Ulatach tuairisc tighe an tSugursúnach air. Níor aithnigheadar a chéile ar dtúis agus d'innis an t-Ultach dó go raibh sé chun luighe isteach agus a áit do thógaint mar a dheineadh na h-Ultaigh go léir. Thug an Sugursúnach púnt dó ach gan é a leanúint go dtí a thig ach dul go tig eile a thaisbeáin sé dó agus luighe isteach ann. Ach bhí an t-Ultach ró ghlic dó agus bhí fhios aige cad é an cleas abhí ar siubhal aige. Tóg (?) sé comhgar agus bhí sé istig sa chúinne roimis.Dubhairt an t-Ultach an rann seo leanas ag magadh fén Sugursúnaigh"Is lághac an fear é an Sugursúnach
Thug sé púnt dom ach gan é leanúint chun a thighe(leanann ar an chéad leathanach eile)